Faoi ERI

Faoi ERI

Céard Éamann Rís Idirnáisiúnta?

Is eagraíocht neamhrialtasacha  (ENR/NGO) é Éamann Rís Idirnáisiúnta (ERI) atá tiomanta le h-oibriú ar son páistí agus daoine óga a bhfuil ar na h-imeall de bharr bochtanais, easpa deiseanna oideachais, stádas dlíthiúil, díghrádú timpeallachta nó páirt a bheith acu i gcoinbhleacht armtha.

Feidhmíonn ERI ar leibhéil idirnáisiúnta chun cearta páistí agus daoine óga a chuir chun cinn. Cearta oideachais, ach go háirithe. Tá cúram na timpeallachta nascaithe i ngach atá i bhfeidhm ag ERI.

Spreagtha ag fís agus ag saol Éamann Rís Beannaithe, creidimid go thairgíonn oideachas de gach saghas deiseanna chun dul chun cinn a dhéanamh ar abhcóideacht ar cearta sósialta agus eiceolaíochta atá bunaithe i gcéarta agus i gcreideamh.

Oibrímid i gcomhpháirtíocht le h-eagraíochtaí eile reiligiúnda chun síochán agus ceartais a spreagadh. In ár gcuid oibre, téann muid i ngleic le chinnteoirí idirnáisiúnta chun ceisteanna agus cásanna a ardú ós comhair na Náisiúnta Aontaithe i Nua Eabhrach agus san Ghinéiv, fad is a lorgaíonn muid réitithe ar  na cásanna leis an tionchar is measa ar shaol na ndaoine is soghontaí ar ár bplainéad.

Tá muid tiomanta chun bhrionglóid Dé a chuir i gcríoch. Is ionann brionglóid Dé agus ár mbrionglóid féin.
Cliceáil anseo chun físeáin a fheicáil a chuirfidh obair ERI in aithne duit.
 
Conas ar tháinig Éamann Rís Idirnáisiúnta ar an Domhain?

Bhunaigh dhá eagraíochtaí Caitliceacha Románacha ERI: Na mBráithre Chríostaí agus na mBráithre na Toirbhirte. Chláraíodh é mar eagraíocht dlíthiúil sa bhliain 2007.

Conas a bhfuil eagraíocht neamhrialtasacha beag in ann athraithe a spreagadh are bhonn idirnáisiúnta?

Creideann ERI i gcomhpháirtíocht agus i oibriú le comhghuaillaithe. Tá comhpháirtíocht idir ERI agus na Franciscans International, eagraíocht Caitliceach domhanda ar a bhufuil an meas.

Aidhm ERI ná, in éineacht le comhpháirtíochtaí agus comhghuaillíochtaí, béim a thabhairt do guth na mbochtáin ar leibhéil idirnáisiúnta.

Céard é fís ERI?

Is mian linn bun-fhís Éamann Rís a bhaint amach: Glacadh leis an soiscéal mar ghlaoch chun brionglóid Dé  don domhain a spreagadh tríd ceartais a chuir chun cinn agus tríd daoine a sharú ón mbochtaineacht, imeallú agus eisiamh sóisialta.

Cén fáth a ghlaotar Éamann Rís Idirnáisiúnta ar an ENR?

Bhunaigh Éamann Rís an dhá oird reiligiúnacha a bhunaigh ERI. Tugann na mílte daoine mórthimpeall an domhain urraim dó agus bíonn siad páirteach ina fís – saoradh tríd oideachas. Is é seo an fáth a dtugtar Éamann Rís Idirnáisiúnta air.
Is áis é ERI le haghaidh na mbaill de líonra domhanda phobail Éamann Rís atá gníomhach i dtaca le ceartas sóisialta agus cearta daonna.

Céard ar a leagann ERI béim go hidirnáisiúnta?

Diríonn muid ar oideachas, cearta páistí agus ar comhshaolachas ach go háirithe. Táimid gníomhach i díothú bochtannais agus oibrímid le daoine atá ag fulaingt le VEID/SEIF. Tá lucht Éamann Rís ag obair mórthimpeall na cruinne i dteannta le, agus le haghaidh, daonraí dúchasacha, imircigh, dídeanaí agus iarrthóirí tearmainn.

No comments yet... Be the first to leave a reply!

Leave a Reply